Infheistíocht deonaithe do thionscadail scannánaíochta agus iad le breis is €4m a ghiniúint ar fud Iarthar na hÉireann 

Fógra déanta ag Ciste WRAP go bhfuil deich dtionscadal le tacaíocht a fháil

Infheistíocht le deonú do scannáin, beochana, drámaí teilifíse agus cláir fhaisnéise

Tá fógra á dhéanamh inniu ag ciste réigiúnach €2m – a bunaíodh chun na hearnálacha scannánaíochta, drámaíochta teilifíse, beochana agus cluichíochta a spreagadh in Iarthar na hÉireann – maidir leis na tionscadail ar tairgeadh tacaíocht airgid dóibh ón uair a fógraíodh an Ciste ag deireadh 2017.

Is tionscnamh ar leith de chuid Choimisiún Forbartha an Iarthair (WDC) agus Ionad Scannán na Gaillimhe é an Ciste do Léiritheoirí Closamhairc Réigiún an Iarthair – nó Ciste WRAP – agus bunaíodh é chun an tionscal a spreagadh i réigiún an iarthair.

Is é aidhm an Chiste tacú le tallann áitiúil agus tionchar eacnamaíoch an tionscail sa réigiún a mhéadú. Cinnteoidh WRAP – atá á reáchtáil i gcomhar le húdaráis áitiúla an Chláir, Dhún na nGall, Chathair na Gaillimhe, Chontae na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Ros Comáin agus Shligigh, chomh maith le hÚdarás na Gaeltachta – go ndéanfar infheistíocht san earnáil seo go dtí 2020.

Lena chois sin, is é Ciste WRAP an t-aon mhaoiniú tionscadail i bPoblacht na hÉireann ar féidir leis an earnáil cluichíochta cur isteach air. Ba é an 8 Márta 2019 an spriocdháta d’iarratais ar mhaoiniú san earnáil cluichíochta agus fógrófar na cluichí atá le maoiniú a fháil ach a roghnófar iad.

Mar chuid dá infheistíocht léiriúcháin, thacaigh WRAP le cúig thionscadal go dtí seo lena n-áirítear trí phríomhscannán, príomhscannán beochana amháin agus clár faisnéise amháin atá le léiriú ar fud an Iarthair, ag cruthú deiseanna do dhaoine cumasacha áitiúla.

Meastar go nginfidh na tionscadail a fhaigheann maoiniú ó Chiste WRAP go dtí seo breis agus €4m sa réigiún, rud a chruthóidh toradh suntasach infheistíochta de 8:1.

Is iad na tionscadail nuafhógartha ná:

  • Death of A Ladies Man, le Cohen Productions DAC/Port Pictures, a dtosófar áscannánú timpeall na Gaillimhe ag deireadh mhí na Bealtaine
  • Oops! Back In The Deep End, príomhscannán beochana de chuid Moetion Films atá á léiriú i gCathair na Gaillimhe
  • Screamers,clár faisnéise le Dot Television agus Marcie Films, atá á réamhléiriú faoi láthair agus a dhéanfar a scannánú i nDún na nGall agus i Sligeach.
  • The Winter Lake,le Winter Lake Productions/Tailored Films, ar críochnaíodh á léiriú i Sligeach le fíordhéanaí.

Tagann na tionscadail sna sála ar Calm With Horses, a fógraíodh roimhe seo agus a taifeadadh i gCo. an Chláir agus timpeall chathair agus chontae na Gaillimhe, agus atá á iarléiriú faoi láthair.

Anuas ar an infheistíocht léiriúcháin, tá WRAP ag fógairt na ndreamanna ar éirigh leo sa chéad bhabhta den infheistíocht forbartha chun cabhrú le léiritheoirí áitiúlationscadail a fhorbairt ar féidir tabhairt faoina léiriú sa réigiún. Tharla sé seo mar thoradh ar ghairm phoiblí a raibh spriocdháta i mí Dheireadh Fómhair 2018 ag gabháil léi. D’éirigh le gnólachtaí atá lonnaithe sa Chlár, i nDún na nGall, i nGaillimh agus i Maigh Eo tacaíocht a fháil faoin mbabhta seo. Is iad sin:

  • To Hell Or Hibernia: príomhscannán a d’fhorbair gnólacht léiriúcháin as Maigh Eo Hardy Films agus a scríobh Mike Cockayne (Maigh Eo) agus Vincent Cleghorne
  • Trace: príomhscannán a d’fhorbair an gnólacht léiriúcháin as Gaillimh Magamedia agus a scríobh Ray Lawlor (Maigh Eo)
  • St. John:sraith theilifíse a d’fhorbair an gnólacht léiriúcháin as Gaillimh Danú Media agus Dearg Films, agus a scríobh Brian Reddin
  • Weekend: sraith theilifíse a d’fhorbair an gnólacht léiriúcháin as Dún na nGall Slipway Films agus New Decade TV agus a scríobh Tara Hegarty (Dún na nGall)
  • The Wee Littles: sraith theilifíse bheochana a d’fhorbair an stiúideo beochana i gCo. an Chláir Magpie6 Media, a chruthaigh Cliff Parrott (an Clár) agus Christina O’Shea (an Clár) agus a scríobh agus a stiúir Emma Hogan (an Clár)

““Tá an-áthas orainn na tionscadail atá ag fáil infheistíochta a fhógairt agus is mór an spreagadh dúinn caighdeán ard na n-iarratas atá á bhfáil againn. Is léiriú é seo ar an gcaighdeán ginearálta le cúpla bliain anuas i scannáin, teilifís agus beochan na hÉireann agus tallann na hÉireann ag déanamh gaisce ag príomhfhéilte scannán an domhain. Tá áthas ar WRAP ardán a thabhairt do dhaoine cumasacha áitiúla lena scéalta a insint. Tá WRAP dírithe ar rath agus fás na dtionscal scáileáin san Iarthar a thiomáint trí thacaíocht straitéiseach spriocdhírithe le cúnamh ónár bpáirtithe leasmhara.””

Sarah DillonBainisteoir Forbartha Chiste WRAP

““Is príomhsprioc sa straitéis 5 bliana a foilsíodh le déanaí don Choimisiún go bhforbrófaí an earnáil closamhairc mar chuid den Gheilleagar Cruthaitheach. Agus muid ar an bpríomheagraíocht don Gheilleagar Cruthaitheach faoi Phlean Fiontraíochta an Rialtais do Réigiún an Iarthair, feicimid cheana féin na buntáistí is féidir le réigiún a bhaint as ciste tiomnaithe ar nós Chiste WRAP: tionscadail den scoth a chuireann €4m breise leis an ngeilleagar áitiúil mar aon le hoiliúint agus taithí thar a bheith luachmhar do dhaoine cumasacha áitiúla ar spéis leo a bheith ag obair sa tionscal seo.””

Tomás Ó Síocháin,Príomhfheidhmeannach Choimisiún Forbartha an Iarthair

““Is tionscnamh é Ciste WRAP a chuirfidh athrú suntasach ar an réigiún ó thaobh na ndeiseanna a chuireann sé ar fáil do dhaoine cumasacha atá ag obair le scannáin, teilifís, beochan agus cluichí. Is sampla den scoth é freisin de chomhoibriú ar leith idir na hocht n-údarás áitiúla, Ionad Scannán na Gaillimhe agus Coimisiún Forbartha an Iarthair – bhí an fhadbhreathnaitheacht acu araon tacú leis an Earnáil Closamhairc chun an deis eisceachtúil seo a thapú don réigiún.””

Alan Duggan, Bainisteoir Ionad Scannán na Gaillimhe

NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ:

Maidir le WRAP: Is tionscnamh eisceachtúil é an Ciste do Léiritheoirí Closamhairc Réigiún an Iarthair (WRAP) faoi scáth Choimisiún Forbartha an Iarthair agus Ionad Scannán na Gaillimhe i gcomhar le húdaráis áitiúla an Chláir, Dhún na nGall, na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Ros Comáin, Shligigh mar aon le hÚdarás na Gaeltachta. Faoin gCiste déanfar infheistíocht €2m go dtí an bhliain 2020 chun gníomhaíocht léiriúcháin sa réigiún a spreagadh in earnálacha na scannán, na drámaíochta teilifíse, na beochana agus na cluichíochta. Cuimsíonn réigiún WRAP contaetha an Chláir, Dhún na nGall, na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Ros Comáin agus Shligigh. www.wrapfund.ie

Maidir le Coimisiún Forbartha an Iarthair: Is comhlacht reachtúil é Coimisiún Forbartha an Iarthair a chuireann forbairt shóisialta agus eacnamaíoch chun cinn i Réigiún an Iarthair. Bunaíodh é in 1998 chun contaetha an Chláir, Dhún na nGall, na Gaillimhe, Liatroma, Mhaigh Eo, Ros Comáin agus Shligigh a chlúdach. Le cúig bliana anuas, thacaigh sé le níos mó ná 2,500 post i Réigiún an Iarthair agus threoraigh sé beagnach €13 milliún i gcaipiteal infheistíochta ar mhaithe le fás an réigiúin. www.wdc.ie

Maidir le hIonad Scannán na Gaillimhe: Is eagraíocht neamhbhrabúis, bunaithe ar bhallraíocht é Ionad Scannán na Gaillimhe; bunaíodh in 1989 é agus tá sé dírithe ar fhorbairt scannán mar mheán ealaíne in Iarthar na hÉireann. Tacaíonn sé le lucht déanta scannán, grúpaí pobail agus grúpaí óige trí oideachas agus oiliúint, soláthar trealaimh agus faisnéis. www.galwayfilmcentre.ie

Maidir leis na tionscadail

CALM WITH HORSES

I gceantar iargúlta in Éirinn, tá an t-iardhornálaí Douglas ‘Arm’ Armstrong ag feidhmiú mar fhear na láimhe láidre ag teaghlach drugaí Devers, agus san am céanna é ag iarraidh a bheith ina athair maith dá mhac cúig bliana d’aois, Jack, a bhfuil uathachas air. Agus é idir dhá thine Bhealtaine ag an dá theaghlach seo, déantar tástáil ar dhílseachtaí Arm nuair a iarrtar air duine a mharú den chéad uair.

Stiúrthóir Nick Rowland Léiritheoir Daniel Emmerson  Comhléiritheoirí Rory Gilmartin, Kate Glover Script Joseph Murtagh; oiriúnaithe ón nóibhille le Colin Barrett (Maigh Eo) Grianghrafadóireacht Piers McGrail  Eagarthóirí Nick Chauderge, Matthew Tabern Dearadh Léiriúcháin Damien Creagh Príomhaisteoirí Cosmo Jarvis, Barry Keoghan, Niamh Algar, Simone Kirby Láithreacha scannánaíochta: Gaillimh, an Clár Stádas: Á iarléiriú

Gnólachtaí Léiriúcháin CWH Productions, DMC Film, Element Pictures Maoinitheoirí Scannán 4, Screen Ireland, Ciste WRAP, Element Pictures Dáileadh, Altitude Film Entertainment Gníomhaire Díolacháin / Dáileoirí Element Pictures Distribution, Altitude Film Entertainment

OOOPS! BACK IN THE DEEP END

Tá a lán contúirtí ag baint leis an saol a chaitear in Áirc in éineacht le 50,000 neach eile: cnoic oighir, cuairteoirí a bhfuil doicheall rompu, stoirmeacha, míolta críona agus sos comhraic éiginnte idir feoiliteoirí agus luibhiteoirí. Tá chuile shórt ag brath ar cholúr a sheoltar amach san fhiántas le talamh tirim a aimsiú. Tá na páistí, Finny agus Leah, díomhaoin, tá frustrachas ar Hazel agus tá imní ar Dave faoi sholáthairtí bia. Ach téann an saol in olcas nuair a thiteann na páistí thar bord amach sa bhfarraige mar aon leis an gcuid dheireanach den bhia. I rás in aghaidh an chloig, na taoide agus bolcán uafásach, caithfidh Finny cairde a aimsiú, teaghlach a athaontú, coilíneacht atá ar tí a scriosta a shábháil agus conradh síochána veigeatórach a réiteach. Ó, agus an bhfaca duine ar bith an colúr?

Stiúrthóirí Sean McCormack, Toby Genkel Léiritheoirí Moe Honan, Emely Christians, Frédérique Vinel Script Richie Conroy, Mark Hodkinson  Príomhaisteoirí Gutha Dermot Magennis, Tara Flynn, Alan Stanford Láithreacha scannánaíochta Cathair na Gaillimhe Stádas: Á léiriú

Gnólachtaí Léiriúcháin Moetion Films, Ulysses Filmproduktion, Fabrique d’Images Maoinitheoirí Screen Ireland, Ciste WRAP, Údarás Craolacháin na hÉireann, Eoraip na Cruthaitheachta, RTÉ, FFA, Filmfund Hamburg, DFFF, Ciste Scannán Lucsamburg, Eurimages Gníomhaire Díolacháin / Dáileoirí Global Screen, Eyescream Entertainment

THE WINTER LAKE

Tá Tom – déagóir atá dúnta isteach ann féin – agus a mháthair – a bhfuil a cuid trioblóidí féin aici – ar fheirm sceirdiúil in Iarthar na hÉireann. Ansin, de réir mar a íslíonn an t-uisce ar loch séasúrach in aice láimhe, tagann Tom ar rud uafásach a bhfuil de thoradh air go ndéantar comhghuaillíocht mhíshuaimhneach idir é féin agus a mháthair ar thaobh amháin agus cailín mistéireach agus a hathair cosantach atá ina gcónaí in aice leo ar an taobh eile. De réir mar a thiocfaidh rúin dorcha chun solais, athrófar an ceathrar acu go deo – agus tiocfaidh Tom isteach i saol crua neamhthrócaireach na ndaoine fásta.

Stiúrthóir Phil Sheerin Léiritheoirí Ruth Treacy, Julianne Forde, Anne-Marie Gelina Script David Turpin GrianghrafadóireachtRuairí O’Brien Eagarthóir John Walters Dearadh Léiriúcháin Emma Lowney Príomhaisteoirí Anson Boon, Charlie Murphy, Emma Mackey, Michael McElhatton, Mark McKenna Láithreacha scannánaíochta Sligeach Stádas: Á iarléiriú

Gnólachtaí Léiriúcháin Winter Lake Productions, Tailored Films, EMA Films Maoinitheoirí Screen Ireland, Ciste WRAP, Telefilm Canada, Epic Pictures, Údarás Craolacháin na hÉireann, Eoraip na Cruthaitheachta Gníomhaire Díolacháin Epic Pictures

DEATH OF A LADIES MAN

Níl an saol ar a mhian ag Samuel O’Shea, fear mór óil agus ban. Tá deireadh ag teacht leis an dara pósadh aige, agus tá a chéad bhean chéile agus a bheirt pháistí fásta tar éis iompú ina choinne. Mar bharr ar an mí-ádh, tá speabhraídí air le tamaillín agus rudaí aisteacha á dtaibhreamh dó: Isteach le Frankenstein sa bheár; strainséirí ag canadh agus damhsa le foinn Leonard Cohen; agus tagann a athair Ben O’Shea, a fuair bás nuair a bhí Samuel ina bhuachaill óg, isteach chuige anois is arís le dreas comhrá a dhéanamh. Filleann Samuel ar theachín a mhuintire in áit iargúlta in Éirinn, áit a dtosaíonn sé ag obair ar an úrscéal mór sin a bhí ar intinn aige le fada; buaileann sé bean neamhghnách as an áit agus titeann i ngrá léi. Bíonn deireadh sona ar an scéal do Samuel, más aniar aduaidh féin a thagann dea-chríoch sin.

Stiúrthóir/Script Matthew Bissonnette Léiritheoirí Martina Niland, Corey Marr, Don Carmody, Marie-Claude Príomhaisteoirí Gabriel Byrne, Brian Gleeson, Antoine-Olivier Pilon Láithreacha scannánaíochta Gaillimh Stádas: Á léiriú

Gnólachtaí Léiriúcháin Cohen Productions, Port Pictures, Corey Marr Productions, DCP Arts Mystery, MCP Productions Maoinitheoirí Screen Ireland, Ciste WRAP, Telefilm Canada, Ciste Meán Cheanada, SODEC, Bell Media, Ontario Creates, Ciste Harold Greenberg.
Gníomhaire Díolacháin/Dáileoirí Dreams Celluloid, Element Pictures Distribution, Mongrel Media (Ceanada)

SCREAMERS

Le breis is daichead bliain anuas, tá Jenny James ina ceannaire ar chomún idéalach, radacach arb iad na mná atá i gceannas air agus ar a dtugtar ‘The Screamers’; is grúpa iad a bhfuil a gcáil amuigh in Éirinn agus achrann ar siúl idir iad féin agus péire de na grúpaí sceimhlitheoireachta is contúirtí ar domhan.  D’fhág an chuid is mó de na baill an común ó shin agus tá poist oifige anois acu – is mór idir an saol sin agus an saol fiáin callánach a chaith siad le linn a n-óige. Agus é i mbarr a réime, bhí ochtó ball ag común Atlantis i nDún na nGall. D’fhás an común agus bhí rath air ar feadh tamaill i nDún na nGall agus i Sligeach agus ansin sa Cholóim. Ach tháinig athrú ar chuile shórt nuair a dúnmharaíodh beirt de pháistí an chomúin go brúidiúil in éineacht. Agus teacht againn ar chartlann fhairsing de bhreis is caoga uair an chloig, leanann muid scéal an chomúin i gcaitheamh na mblianta; agus teacht againn ar phearsana faoi leith a bhaineann leis an ábhar mar aon le píosaí scannáin agus agallaimh chomhaimseartha, insímid scéal an chomúin is míchlúití dá raibh in Éirinn riamh, ‘Screamers’.

Stiúrthóir/Script Ciaran Cassidy Léiritheoirí John Wallace, David Burke, Alan Maher, Colum McKeown Láithreacha scannánaíochta  Dún na nGall, Sligeach Stádas: Á réamhléiriú

Gnólachtaí Léiriúcháin Dot Television, Marcie Films, Littlewing Maoinitheoirí Screen Ireland, Ciste WRAP