Ciste WRAP chun breis agus €16m de chaiteachas a ghiniúint ar fud Iarthar na hÉireann
• Is tionscnamh faoi leith é Ciste WRAP atá faoi scáth Choimisiún Forbartha an Iarthair agus Lárionad Scannánaíochta na Gaillimhe i gcomhar le húdaráis áitiúla an Chláir, Dhún na nGall, Chathair na Gaillimhe, Chontae na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Ros Comáin agus Shligigh agus Údarás na Gaeltachta.
• Cuireadh 18 tionscadal nua lena rogha um léiriúchán, forbairt agus infheistíocht cuideachta.
• I measc na léiriúchán go dtí seo tá Wild Mountain Thyme i gCo. Mhaigh Eo, Smother i gCo. an Chláir agus The Winter Lake i gCo. Shligigh.
• I measc na léiriúchán atá beartaithe amach anseo tá The Wee Littles, sraith bheochana lonnaithe i gCo. an Chláir, agus My Sailor My Love a ndéanfar a scannánú i Maigh Eo agus i nGaillimh.
Rinne an Ciste do Léiritheoirí Closamhairc Réigiún an Iarthair, nó Ciste WRAP, líon tionscadal nua a fhógairt inniu, a bhfuiltear ag súil go ndéanfaidh siad breis agus €16.8m a ghiniúint ar fud an Iarthair. Bhí bliain shuntasach de bhorradh ag an gCiste le roinnt léiriúchán den chéad scoth a bhí i mbéal an phobail. Bunaíodh WRAP chun leibhéal an léiriúcháin a fheabhsú in earnálacha na scannánaíochta, na drámaíochta teilifíse, na beochana agus na cluichíochta in Iarthar na hÉireann, agus tá éifeacht shuntasach iolraitheora €12 le feiceáil ar gach €1 a infheistítear.
Mí Dheireadh Fómhair seo caite, tharraing Wild Mountain Thyme ruaille buaille nuair a leaindeáil na haisteoirí idirnáisiúnta Emily Blunt, Jamie Dornan agus Christopher Walken i gCo. Mhaigh Eo. Sa Leacht, i gCo. an Chláir, cuireadh tús le scannánú na sraithe teilifíse Smother le Dervla Kirwan agus Seana Kerslake i mí an Mhárta agus tá sé beartaithe go déanfar í a chraoladh ar RTÉ One agus go mbeidh sí mar chuid de chatalóg BBC Studios le haghaidh díolachán idirnáisiúnta chomh luath agus is féidir tús a chur le scannánú arís. Rinneadh na tionscadail seo a fógraíodh roimhe seo – The Winter Lake, Death Of A Ladies Man agus an beochan, Ooops! Back In The Deep End a léiriú ar fud an Réigiúin le bliain anuas chomh maith.
I measc na dtionscadal nua a fógraíodh inniu bhí an tsraith bheochana The Wee Littles as stiúideo beochana Magpie6 Media i gCo. an Chláir, My Sailor, My Love leis an stiúrthóir Fionlannach, Klaus Haro, a ndéanfar a scannánú i Maigh Eo agus i nGaillimh, comhléiriú na Ríochta Aontaithe/na hÉireann suite i nDún na Gall, God’s Creatures, mar aon leis an scannán uafáis, The Ten Steps, a ndéanfar a scannánú i Ros Comáin agus i Sligeach, agus a bhfuil tacaíocht ó Epic Pictures aige.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Sarah Dillon, Bainisteoir Forbartha Chiste WRAP, “Bliain an-ghnóthach a bhí ann do Chiste WRAP le raon leathan de léiriúchán ardchaighdeáin agus de ghníomhaíocht forbartha ar bun i ngach contae sa Réigiún. Léiríonn na heisiúintí le déanaí – an príomhscannán “Calm With Horses”, agus an dráma teilifíse idirnáisiúnta “Normal People” – an méid atá le tairiscint ag an Iarthar do léiriúcháin ó thaobh suíomhanna, saineolais agus tacaíochta de. Tá neart léiriúchán iontach eile ar na bacáin againn. Tá tionchar Covid 19 le mothú go mór sa Réigiún agus táimid ag brath ar Rialtas na hÉireann chun féachaint go dearfach ar iarratas Fhóram Closamhairc an Iarthair chun síneadh ama a chur leis an gCuidiú D’Fhorbairt na Scannánaíochta Réigiúnaí. Bheadh sé seo ina bheart an-dearfach chun tús a chur le léiriúchán an athuair agus an teachtaireacht a chur amach go bhuil an tIarthar ar oscailt do ghnó arís chomh luath agus atá sé sábháilte.
Ag an am céanna leis an infheistíocht léiriúcháin, tá fógra á dhéanamh ag WRAP maidir le faighteoirí babhtaí éagsúla d’infheistíocht forbartha chun cuidiú le léiritheoirí áitiúla tionscadail a fhorbairt ar féidir leo dul i mbun léiriúcháin laistigh den réigiún amach anseo. Tá tacaíocht faighte ag cuideachtaí i gContaetha an Chláir, na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Ros Comáin agus Shligigh. Ina measc tá:
- Tails At Animal Airport: sraith teilifíse beochana arna forbairt ag Studio Meala i Ros Comáin agus arna scríobh ag Emma Hogan (an Clár), le tacaíocht bhreise ó Fhís Éireann
- Swallows: scannán lánfhada arna fhorbairt ag cuideachta léiriúcháin an Chláir, Newgrange Pictures, agus arna scríobh ag John O’Donnell (an Clár)
- Obituary: sraith teilifíse arna fhorbairt ag cuideachta léiriúcháin na Gaillimhe, Magamedia, arna scríobh ag Ray Lawlor (Maigh Eo) agus a bheidh arna stiúradh ag Oonagh Kearney, le tacaíocht bhreise ó Virgin Media agus Fís Éireann
- Della & Jim: scannán lánfhada arna fhorbairt ag cuideachta léiriúcháin Shligigh Janey Pictures, arna scríobh agus arna stiúradh ag Marion Quinn le tacaíocht bhreise ó Fhís Éireann
- Dad’s Red Dress: sraith teilifíse arna forbairt ag cuideachta léiriúcháin Mhaigh Eo, Lunar Pictures, agus arna scríobh ag Lindsay Jane Sedgwick, le tacaíocht bhreise ón Eoraip Chruthaitheach
- This Is The Country: scannán lánfhada arna fhorbairt ag cuideachta léiriúcháin Mhaigh Eo, Little Rose Films i gcomhar le Feline Films, arna scríobh agus arna stiúradh ag Mark Noonan
- Tír Anann: cluiche arna fhorbairt ag Stiúideo Cluichí na Gaillimhe, Tribal City Interactive, le tacaíocht bhreise ón Eoraip Chruthaitheach
- Eldritch House: cluiche arna fhorbairt ag Stiúideo Cluichí na Gaillimhe, Doomcube Games
Is é WRAP an t-aon chiste i bPoblacht na hÉireann a dhéanann infheistíocht in earnáil na cluichíochta. Ina theannta sin, bronnadh mion-iasacht chuideachta ar Studio Meala i Ros Comáin agus thacaigh WRAP le trí chuideachta i gCo. na Gaillimhe, Abú Media, Danú Media agus Tua Films chun drámaí teilifíse Gaeilge a fhorbairt do dhaoine óga trí chomhscéim forbartha le TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann. Tá glao nua ar oscailt d’iarratais ar infheistíocht forbartha leis an spriocdháta, an 17 Meitheamh 2020.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Tómás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Choimisiún Forbartha an Iarthair; “ní hamháin go bhfuil an Geilleagar Cruthaitheach taobh thiar de dhul chun cinn an gheilleagair ach meallann sé go leor i dtreo iarthar na hÉireann as áiteanna eile sa tír agus ón iasacht. Déanann ár n-anailís bheartais, forbairt Chonair Eacnamaíochta an Atlantaigh agus gréasán réigiúnach de mhoil chruthaitheacha i gcomhar le GMIT saothar Chiste WRAP a chomhlánú chun an Geilleagar Cruthaitheach a chothú agus a fhorbairt sa réigiún don todhchaí.”
Ar nós go leor tionscal eile, cuireadh isteach go mór ar an earnáil chlosamhairc mar thoradh ar phaindéim Covid-19. Tá stop curtha leis an ngníomhaíocht léiriúcháin ar fad, agus mar gheall air sin, tá Ciste WRAP, mar chuid d’Fhóram Closamhairc an Iarthair, tar éis iarratas foirmeálta a dhéanamh ar Rialtas na hÉireann chun síneadh ama a chur leis an 5% breise atá ar fáil tríd an gCuidiú D’Fhorbairt na Scannánaíochta Réigiúnaí d’alt 481 de chreidmheas cánach na hÉireann. Bhí sé beartaithe go laghdófaí go 3% in 2021 é, ach níor bhain na Réigiúin leas as an méadú i léiriúchán a bhí beartaithe ná as an bhforbairt infreastruchtúir a gealladh ón tionscnamh. Tá Fóram Closamhairc an Iarthair go mór i bhfách le síneadh ama a thabhairt don chuidiú mar go dtabharfadh sé cinnteacht éigin, atá ag teastáil go géar, agus ní hamháin go spreagfadh sé léiriúcháin idirnáisiúnta reatha agus cinn atá beartaithe don todhchaí chun filleadh agus fanacht sna Réigiúin le linn na léiriúchán, ach thacódh sé go criticiúil le léiriúchán dúchasach agus le léiritheoirí Éireannacha a buaileadh go trom ag an ngéarchéim seo.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Alan Duggan ó Lárionad Scannánaíochta na Gaillimhe; “Tá méid suntasach tugtha ag Ciste WRAP do gheilleagar cruthaitheach an Iarthair, táthar ag súil go mbeidh caiteachas breis agus €16.8m sa Réigiún mar thoradh air. Léiríonn sé seo sochar suntasach don ocht n-údarás áitiúil agus d’Údarás na Gaeltachta atá ag tacú leis an gCiste. Tá ríméad ar Lárionad Scannánaíochta na Gaillimhe leanúint ar aghaidh leis an obair le Coimisiún Forbartha an Iarthair agus lenár gcomhpháirtithe áitiúla chun an tionscnamh ríluachmhar seo a thabhairt chun cinn agus chun níos mó deiseanna a chruthú do thallann áitiúil le linn 2020 agus ina dhiaidh sin.”
#WRAPFund #LookWest #wraptalent